Page 4 of 4 FirstFirst ... 234
Results 31 to 37 of 37

Thread: An mbeidh Éire aontaithe riamh arís?

  1. #31
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Oct 2008
    Posts
    2,053

    Is dóigh liom go caithfhímid ath-aontú na h-Eireann a chuir ar an méar fada - glún nó dó, toisc na dúnmarbhuithe 7 rl SF/PIRA

  2. #32
    Politics.ie Regular DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,144

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Bhí an diabhal smaointeoireacht sin riamh ann i dtaca le riail na mbundúchasach agus riail na gcoilíneach ms Albain, an Bhreatain bheag, An Róidéis, 7rl.
    Ní raibh Albain ina cóilíneacht ... ach an raibh cóilíneacht Albanach in oirthear Chúige Uladh?
    Ach cogar, cé an fáth a mbeadh reifreann i dtreis? Ní raibh reifreann sa Ghearmáin roimh athaontú, nó an raibh?. Ní raibh ann ach an rud is dual.
    Ní bheadh reifreann sa Tuaisceart muna raibh ach Náisiúnaigh ina gcónaí ann - ach ní bheadh "Tuaisceart" ann sa chás sin
    Níl mé cinnte mar gheall ar an gCipir. Sílim go bhfuil taobh amháin ar mhaithe athaontú, ach tá drogall ar dhaoine.
    Tá cás na Cipire níos comhchosúla le cás na hÉireann - tá Turcaigh sa Tuaisceart agus Gréagaigh sa Deisceart
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  3. #33
    Politics.ie Regular DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,144

    Tá leas-chéad Aire an Tuaiscirt, Martin McGuinness, ag lorg reifrinn athaontaithe sna sé chontae. Cad atá ar siúl aige? Níl seans ar bith go mbeidh móramh i bhfábhar athaontaithe ar feadh i bhad.

    An bhfuil sé ag imirt an cleas céanna atá ar siúl ag Alex Salmond, ceannaire na Náisiúnaithe in Albain? Tá seisean ag argóint le David Cameron faoi rialacha agus formáid an reifrinn agus tá na Náisiúnaithe ag baint tairbhe ón argóint. An bhfuil McGuinness ag iarraidh faux-argóint a thosnú le David Cameron chun SF a chur chun cinn?

    Ceapaim féin go mbeadh sé níos fearr fanacht go dtí go bhfuil Céad-Aire Náisiúnach i Stormont sula eagraítear reifreann. Má tá cuma dosheachanta ar an scéal - Náisiúnaí mar chéad-aire, an pobal Náisiúnach níos láidre ná an pobal Aontachtach, bheadh síos níos éasca móramh a bhaint amach sa reifreann.

    Cad a tharlódh má ghlacann Peter Robinson agus David Cameron le h-iarratas McGuinness agus go socrófar reifreann ar an lá céanna leis an reifreann in Albain? Cén seans atá ann móramh i bhfabhar athaontaithe a bhaint amach nuair a chuireann tú lagtrá gheilleagar an Deiscirt agus móramh Aontachtach sa Tuaisceart san áireamh? Spreagfadh reifreann ró-luath an pobal Aontachtach agus mhímhisneodh sé an pobal Náisiúnach
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  4. #34
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by DeGaulle 2.0 View Post
    Tá leas-chéad Aire an Tuaiscirt, Martin McGuinness, ag lorg reifrinn athaontaithe sna sé chontae.
    Chuirfeadh sé ionadh orm MUNA raibh SF ag cur athaontú na tíre chun chinn

  5. #35
    Politics.ie Regular DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,144

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Chuirfeadh sé ionadh orm MUNA raibh SF ag cur athaontú na tíre chun chinn
    Chuirfeadh sé ionadh orm MUNA raibh SF ag cur SF chun chinn ... ach an cheist atá agam ná: an gcuirfeadh cailliúint dhosheachanta i reifreann athaontaithe athaontú na tíre chun cinn?
    Last edited by DeGaulle 2.0; 30th January 2012 at 08:25 PM. Reason: litriú
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  6. #36
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by DeGaulle 2.0 View Post
    Chuirfeadh sé ionadh orm MUNA raibh SF ag cur SF chun chinn ... ach an cheist atá agam ná: an gcuirfeadh cailliúint dhosheachanta i reifreann athaontaithe athaontú na tíre chun cinn?
    De réir mar a tuigim, bhí sé ag moladh reifrinn idir seo is 2022, nó mar sin. Deich mbliana.

    Anois, más fada seachtain i bpoilitíocht, tá deich mbliana gar do Lá San Dic.

    Seans go raibh sé ag coinneáil creideamh SF i mbéal an phobail

  7. #37
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Feb 2007
    Posts
    20,224

    Quote Originally Posted by DeGaulle 2.0 View Post
    Ní raibh Albain ina cóilíneacht ... ach an raibh cóilíneacht Albanach in oirthear Chúige Uladh?
    Bhí is ní raibh. Ní dóigh liom go raibh smacht riamh ag rialtas na hAlban ar Mhic Dhomhnaill na nGleannta, ach an oiread lena gcomhghleacaithe ar Inse Gall.
    "Only by applying the most rigorous standards do we pay writing in Irish the supreme compliment of taking it seriously." - Breandán Ó Doibhlín.

Page 4 of 4 FirstFirst ... 234