Bheadh sé iontach má raibh ceadúnas náisiúnta ar FM ag Raidió Rí-Rá agus ceadúnas náisiúnta sna 6 contaetha ag Raidió Fáilte.
An féidir le stáisiún idirlíon cosúil le Raidió Rí-Rá ceadúnas náisiúnta a fháil ar FM agus iad gan aon oibreoirí lán-aimseartha? Nó ós rud é go bhfuil stáisiún raidió ag Raidió na Life an bheadh sé níos éasca ceadúnas náisiúnta a fháil ar FM? Tá na dhá stáisiún difriúil óna chéile cinnte. Ach laistigh de Bhaile Átha Cliath agus roinnt ceantreacha in aice leis níl mórán stáisiúin raidió. San Iarthar mar shampla níl ach timpeall 6 cinn.
Má raibh Raidió na Life chun chraoladh timpeall an stát ó theas (le ainm nua is dócha) bheadh athrú bunreachtúil i gceist maidir leis an Roinn Cumarsáide, BCI agus CRAOL! Síleann daoine gurbh dúshlán ró-mhór é seo. Ach tá pobal na Gaeilge scaipthe timpeall an domhan le tacaíocht stáit sa stát seo. So in Éirinn tá pobal na Gaeilge scaipthe timpeall an stát agus t-oileán. Cén fáth go bhfuil sé cothrom go nach féidir le gaeilgeoirí i 25 as 26 contaetha sa stát éisteacht le stáisiún raidió Gaeilge atá dírithe ar phobal na Gaeilge seachas Raidió na Gaeltachta?
Cinnte tá acmhainní mhaith ag Raidió na Gaeltachta- le oifigí agus stiúideo i ngach Gaeltacht (mhór ar aon nós) agus le oifig i mBaile Átha Cliath; le ceadúnas náisiúnta ar FM ach go mór-mhór tá sé dírithe ar lucht na Gaeilge sna Gaeltachtaí. De bharr go nach bhfuil an Ghaeltacht láidir ó thaobh na Gaeilge de an mbeadh sé níos fearr chun t-ainm Raidió na Gaeltachta a athrú go dtí Raidió na Gaeilge bhféidir agus i bhfad níos mó caint a bheith air agus béime ar na gceantreacha uirbeacha?
Cad go díreach atá ag teastáil orainn mar gheall ar raidió trí mheán na Gaeilge in Éirinn thuaidh agus theas? Agus cad is féidir linn a bheith ag tnúth leis go praiticiúil sna blianta amach romhainn leis na hacmhainní airgeadais atá ag an stát thuaidh agus theas?



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote