Ba chóir go mbeadh snáth ar an suíomh seo don fheachtas do Acht na Gaeilge don Tuaisceart ag cur in iúl aon fhorbairtí a bhaineann leis. Mar sin beidh mé ag cur suas naisc do altanna suimiúil ó Gaelport.com srl. agus naisc eile faoin bhfeachtas anseo as seo amach.
Tósóidh mé le agallamh raidió a rinne mé le Janet Muller ó Pobal i dTuaisceart Éireann ar NearFM inniu. Dúirt sí go raibh sí sásta go raibh Aire Cultúr Náisiúnach againn anois agus gur chuir siad an tuairim in iúl don SDLP agus Sinn Féin go raibh sé rí-tábhachtach an uair seo go raibh Aire Náisiúnach againn don Roinne Cultúr agus Oideachais. Tá Pobal ag súil go mbeidh dul chun cinn suntasach maidir leis pobal na Gaeilge sa Tuaisceart as seo amach.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote