Page 1 of 3 123 LastLast
Results 1 to 10 of 24

Thread: polasaithe gaeilge agus an ardteist

  1. #1
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    May 2007
    Location
    In Éirinn ach minic go maith sa nGaeltacht
    Posts
    44

    polasaithe gaeilge agus an ardteist

    Seoladh Polasaí Gaeilge Fhianna Fáil inniu agus é seo sa bpreas-ráiteas: 'Sa chaipéis pholasaí atá muid ag seoladh inniu, tá Fianna Fáil ag rá go bhfuilimid glan in aghaidh pleananna Fhine Gael ísliú stadáis a chur i bhfeidhm don Ghaeilge inár scoileanna. Tá díoma orainn go bhfuil Enda Kenny ag coinneáil leis an seasamh pholasaí seo ina Fhorógra.'

    Níor vótáil mé do Fhianna Fáil ariamh ach má tá Kenny chun Gaeilge a bhaint as croí-ábhair na hArdteiste.........

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Re: polasaithe gaeilge agus an ardteist

    Quote Originally Posted by túsanlae

    Níor vótáil mé do Fhianna Fáil ariamh ach má tá Kenny chun Gaeilge a bhaint as croí-ábhair na hArdteiste.........
    Cén fáth ar gá vóta a chaitheamh do cheachtar de na páirtithe sin? Seafóid an chogaidh chatharga?
    Níl mise sásta le seasamh Enda Kenny ach an oiread, ach is í mo thuairim mheáite gur cuma le FF faoin nGaeilge (seachas É. Ó Cuív) agus go mbeadh sí mar phríomhtheanga na tíre i láthair na huaire dá mbeidís dáiríre fúithi. Béalchraifeacht amach is amach atá ar siúl acu leis na scórtha bliain. Caith amach iad!

    Dála an scéil seo é dearcadh an Chomhaontais Ghlais i leith na Gaeilge san Ardteist.

  3. #3
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    May 2007
    Location
    In Éirinn ach minic go maith sa nGaeltacht
    Posts
    44

    Pointe soileireachta: Is ag caint ar ord mo chuidse aistriúchán a bhí mé seachas vóta céad-rogha go díreach.
    Mar a dúirt mé in 'an toghchan agus gaeltacht na gaillimhe' taim go mór in amhras faoi na Glasaigh nuair a thiocfas an crú ar an tairne. Beidh an tírdhreach níos tabhachtaí ná an teanga nuair a forsálfar (de bharr cúrsaí pleanala) muintir na gaeltachta isteach i sráidbhailte agus i mbruachbhailte na gaillimhe ainneoin líofacht teanga Sargent. Chuala mé é ag caint ar na hábhair seo ag Oireachtas 05. Níor léir ar chor ar bith gur thuig sé ceist na Gaeilge.

  4. #4
    Politics.ie Member
    Join Date
    May 2007
    Location
    BANNED FOR SPAMMING
    Posts
    110

    a cara
    BANNED FOR SPAMMING

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Quote Originally Posted by túsanlae
    Beidh an tírdhreach níos tabhachtaí ná an teanga nuair a forsálfar (de bharr cúrsaí pleanala) muintir na gaeltachta isteach i sráidbhailte agus i mbruachbhailte na gaillimhe ainneoin líofacht teanga Sargent. Chuala mé é ag caint ar na hábhair seo ag Oireachtas 05. Níor léir ar chor ar bith gur thuig sé ceist na Gaeilge.
    Ní léir domsa go dtuigeann tusa polasaithe an Chomhaontais Ghlais ach an oiread.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Sep 2006
    Location
    Chitown
    Posts
    4,071

    Re: polasaithe gaeilge agus an ardteist

    Quote Originally Posted by Gombeen
    Quote Originally Posted by túsanlae

    Níor vótáil mé do Fhianna Fáil ariamh ach má tá Kenny chun Gaeilge a bhaint as croí-ábhair na hArdteiste.........
    Cén fáth ar gá vóta a chaitheamh do cheachtar de na páirtithe sin? Seafóid an chogaidh chatharga?
    Níl mise sásta le seasamh Enda Kenny ach an oiread, ach is í mo thuairim mheáite gur cuma le FF faoin nGaeilge (seachas É. Ó Cuív) agus go mbeadh sí mar phríomhtheanga na tíre i láthair na huaire dá mbeidís dáiríre fúithi. Béalchraifeacht amach is amach atá ar siúl acu leis na scórtha bliain. Caith amach iad!

    Dála an scéil seo é dearcadh an Chomhaontais Ghlais i leith na Gaeilge san Ardteist.
    An bhfuil tú ag éisteacht leat fhéin?

    Má thugann tú vota do aon pairtí seachas Sinn FéIN nó Fianna Fáil tá tú ag tabhairt tacaíocht do Enda Kenny mar Thaoiseach....

    Tá tú in aghaidh polasaí frith-gaelach Fine Gael, ach tú tú ag iarradh Fianna Fáil a chaitheamh amach?

    An bhfuil tú in ann geallúint a thabhairt dom, nach glacfaidh an Comhaontas Glas pairt i rialtas a cuirfidh polasaí Fine Gael i bhfeidhim?
    Equality — It is new strung and shall be heard

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Tá i bhfad níos mó sa saol seo ná an Ghaeilge san Ardteist a dhuine uasail. An fhadhb is mó atá agamsa le do pháirtí-se ná go bhfuil an chaimiléireacht go smior ann. Agus cibé locht atá agam ar pholasaí Gaeilge Fhine Gael, is í fírinne an scéil ná gur theip oraibhse an Ghaeilge a athbheochan. Agus bhí sé sin mar bhunphrionsabal an pháirtí agaibh nuair a bunaíodh sibh i 1926. Bhí bhur seal agaibh. Imigí as mo radharc!

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Sep 2006
    Location
    Chitown
    Posts
    4,071

    Mar fhocail scoir...an bhfuil aon duine ar an suíomh seo, sásta tacú le polasaí Fine Gael
    Equality — It is new strung and shall be heard

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2005
    Location
    Ready for government
    Posts
    2,109

    Focal scoir? An bhfuil an fhírinne ró-shearbh duit?

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Sep 2006
    Location
    Chitown
    Posts
    4,071

    Quote Originally Posted by Gombeen
    Tá i bhfad níos mó sa saol seo ná an Ghaeilge san Ardteist a dhuine uasail. An fhadhb is mó atá agamsa le do pháirtí-se ná go bhfuil an chaimiléireacht go smior ann. Agus cibé locht atá agam ar pholasaí Gaeilge Fhine Gael, is í fírinne an scéil ná gur theip oraibhse an Ghaeilge a athbheochan. Agus bhí sé sin mar bhunphrionsabal an pháirtí agaibh nuair a bunaíodh sibh i 1926. Bhí bhur seal agaibh. Imigí as mo radharc!
    Tá do chuid mhaith...

    ach don chéad uadar..seo é an príomh rud sa togacháin. Mar sin ba cheart dó/dí vóta a thabhairt do Fianna Fáil.

    Níl an Comhaontas Glas sách laidir chun an ruaig a chuir ar Polaisí Fine Gael. Deireadh leis an Scéal.

    Rinne muid iarracht agus don chuid is mó theip orainn...mar sin tá tú ag iarradh ar Gaelgoirí vóta a thabhairt do pairtí a dhéanais dochar do-athraithe don ghaeilge! Bhfuil tú craicáilte?
    Equality — It is new strung and shall be heard

Page 1 of 3 123 LastLast

Similar Threads

  1. Linux agus ríomhchláir as Gaeilge
    By tumeltyni in forum Gaeilge
    Replies: 14
    Last Post: 10th April 2011, 07:47 PM
  2. Sochar agus Dochar na Gaeilge 2008
    By duine n in forum Gaeilge
    Replies: 34
    Last Post: 29th January 2009, 03:13 PM
  3. An aon teanga amháin iad Gaeilge agus Gàidhlig?
    By Joeyjoejoe in forum Gaeilge
    Replies: 9
    Last Post: 28th December 2008, 04:07 PM
  4. Foras na Gaeilge agus conspóid
    By Darren Mac an Phríora in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 28th January 2008, 01:44 AM
  5. Cás Mháire agus Acht na Gaeilge
    By Conghaileach in forum Gaeilge
    Replies: 18
    Last Post: 14th February 2007, 01:20 PM