Page 3 of 3 FirstFirst 123
Results 21 to 24 of 24

Thread: polasaithe gaeilge agus an ardteist

  1. #21
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath / Dublin
    Posts
    4,504

    Re: polasaithe gaeilge agus an ardteist

    Quote Originally Posted by LiamORaiste
    Ní doigh liom go bhfuil, a Dhuine, nó thóg mé an ceist cúpla lá ó shin ar shnath eile sa chatargoir seo ach ní raibh aoinne, seachas Darren, den tuairim go raibh sé go fóill mar pholasaí ag FG.
    OK. An uair deireanach is a bhí ceist ar Questions and Answers faoin dteanga dúirt Charlie Flanagan ó Fhine Gael go ba chóir go mbeadh sé roghnach. Agus bhí sé sin tar éis an olltoghchán.

    Táim cinnte- 100% cinnte- nach mbeidh FG ag athrú an polasaí.

  2. #22
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    Re: polasaithe gaeilge agus an ardteist

    Yerra, ní fiú faic é sin. Agus ní chuirfinn euro ar FG an polasaí sin a choinneáil. Níor ghnóthaigh sé votaí doibh ach a mhalairt. Níl aon rud agam i gcoinne FG den chuid is mó - ach ar an gceist seo tá siad iomlán mícheart. De reir gach suirbhé ar deineadh, i measc dalta, i measc tuismitheoirí is múinteoirí, níl aon tacaíocht ann dá leitheid. Tá rudaí níos práínní le tabhairt futha.

  3. #23
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath / Dublin
    Posts
    4,504

    Re: polasaithe gaeilge agus an ardteist

    Quote Originally Posted by LiamORaiste
    Yerra, ní fiú faic é sin. Agus ní chuirfinn euro ar FG an polasaí sin a choinneáil. Níor ghnóthaigh sé votaí doibh ach a mhalairt.
    Fuair FG 20 suíocháin san olltoghchán. Is féidir leat glacadh go mbeidh an polasaí seo acu go dtí go mbeidh an teanga roghnach- má tharlaíonn sé sin. Cíbe rud is polasaí ag FG é anois agus ní bheidh siad ag athrú é.

  4. #24
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2003
    Location
    Cúil Aodha
    Posts
    774

    Re: polasaithe gaeilge agus an ardteist

    An tusa ceannaire an phairtí, a Darren? Nior thug mé faoi ndeara go raibh toghchán ann? Is cuma an polasaí ann nó as ag FG- ní chuirfear i bhfeidhm go brach é! Caithfidh FG cumhacht a roinnt le pairtí eile chun bheith i gcumhacht - agus tá na Glasaigh agus an Lucht Oibre araon i gcoinne an pholasaí seo.

Page 3 of 3 FirstFirst 123

Similar Threads

  1. Linux agus ríomhchláir as Gaeilge
    By tumeltyni in forum Gaeilge
    Replies: 14
    Last Post: 10th April 2011, 08:47 PM
  2. Sochar agus Dochar na Gaeilge 2008
    By duine n in forum Gaeilge
    Replies: 34
    Last Post: 29th January 2009, 03:13 PM
  3. An aon teanga amháin iad Gaeilge agus Gàidhlig?
    By Joeyjoejoe in forum Gaeilge
    Replies: 9
    Last Post: 28th December 2008, 04:07 PM
  4. Foras na Gaeilge agus conspóid
    By Darren Mac an Phríora in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 28th January 2008, 01:44 AM
  5. Cás Mháire agus Acht na Gaeilge
    By Conghaileach in forum Gaeilge
    Replies: 18
    Last Post: 14th February 2007, 01:20 PM