Ach deirtear, agus creidtear, gur chóir do na daoine is boichte níos mó cánach a íoc bunaithe ar an mhíthuiscint nach bhfuil siad ag íoc cánach ar bith sa chéad dul síos.
Ní foláir cuimhneamh go bhfaigheann an státchiste beagnach 50% dá teacht isteach ó chánachas indíreach .i. na rudaí a cheannaíonn tú srl..
Níl aon tír eile san Eoraip a bhraitheann ar chánachas indíreach sa chaoi chéanna a mbraitheann an tír seo. De ghnáth bíonn an teacht isteach ó cháin indíreach timpeall 30%, nó níos lú, i dtíortha eile san Eoraip.
(Gan an méid a dúirt mé le duine n roimhe a athrá!) Is cáin cúlchéimnitheach cánachas indíreach.
Agus is éard atá i gceist agam leis sin ná mar chéatadán dá n-ioncaim tugann daoine atá ag obair go páirt aimseartha, daoine atá dífhostaithe, seandaoine ar phinsin, tuismitheoirí aonaracha, daoine faoi mhíchumas fiú agus daoine ar an tuarastal is ísle i bhfad níos mó dá gcuid ar cháin i gcomparáid leo siúd ar an bpá is airde.
Is iad na daoine ar an bpá is ísle .i. formhór mhuintir na tíre, na hoibrithe is tomhaltóirí atá mar dhroim don gheilleagar ó thaobh caiteachais de.
Má ghearrann tú a gcumas caiteachais siar agus mar mhéadaíonn tú go míchothrom an méid a íocann siad go díreach agus go hindíreach bíonn tionchar láidir diúltach ann don gheilleagar ar an bpointe.
Mar a mhaígh Browne níl muid briste ach mífheidhmiúil.
Caithfear tosnú ag an bharr ó thaobh cáin i mo thuairim, agus tá na comhlachtaí móra san áireamh ansin. Caithfear fáil réidh leis na céadta buntáiste cánacha don lucht an tsaibhris a ligeann dóibh cáin a sheachaint.
Agus nuair atá rudaí feabhsaithe sa gheilleagar sin an t-am le breathnú ar cháin bhreise don dhaoine ar thuarastal íseal, agus ní roimhe.