ba chóir dhuit é a chlárú i mBéarla. Ní aithneofar tú más rud é go bhfuil do sheoladh i nGaeilge.Originally Posted by An Ghearb
Fáilte go hÉirinn faoi stiúir Fhianna Fáil.
ba chóir dhuit é a chlárú i mBéarla. Ní aithneofar tú más rud é go bhfuil do sheoladh i nGaeilge.Originally Posted by An Ghearb
Fáilte go hÉirinn faoi stiúir Fhianna Fáil.
is é mo thaithí é ná nach bhfuil ceann ar bith de na páirtithe dáiríre ar son na Gaeilge. Níl vótaí ann mar ábhar. Bíonn lipservice go minic ann, go háirithe i bpáirtithe áirithe. Fianna Fáil go traidisiúnta agus anois Sinn Féin (bhí mé ag cúpla cruinniú de chuid na Shinner agus tar éis don óráid críochnú dúirt an t-urlabhraí "Go raibh míle maith agat" le slua mór daoine!) Ní ag ionsaí Sinn Féin ach go háirithe atá mé ach `s í an fhírinne ghlan gur chuir FF an dalla mullóg ar Ghaeilgeoirí ar feadh na mblianta gurbh iadsan an páirtí le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus déanfaidh SF an rud céanna. Lena gceart a thabhairt dóibh tá neart i SF atá go mór ar son na Gaeilge, cairde liom iad roinnt acu, ach is é an rud faoi níl ceann ar bith de na páirtithe le trust agus ba cheart do ghluaiseacht na Gaeilge fanacht glan amach ó pholaitíocht páirtithe agus díriú isteach ar ghníomhaíocht phobail.