Page 1 of 2 12 LastLast
Results 1 to 10 of 16

Thread: Comórtas Véarsaíochta Chomóradh 75 Bliain Ráth Chairn

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Comórtas Véarsaíochta Chomóradh 75 Bliain Ráth Chairn

    Beidh comóradh 75 bliain de thíocht aniar mhuintir Chonamara go Ráth Chairn ar siúl idir 9 agus 11 Aibreán i Halla Pobail Ráth Chairn agus mar chuid den chomóradh sin tá Raidió na Gaeltachta ag eagrú comórtais véarsaíochta le tíocht ar amhrán comórtha an 75 bliain. Caitear na véarsaí a bheith faoi Ráth Chairn dar ndóigh agus caitear iad a chasadh le fonn Peigín Audley. Casfaidh ceoltóirí áitiúla as Ráth Chairn an t-amhrán nua comórtha seo beo ar Raidió na Gaeltachta an Luan théis na deireadh seachtaine.

    An mbeadh spéis ag éinne cúpla véarsa faoi Ráth Chairn a chaitheamh amach anseo - ní gá go ngabhfadh na véarsaí anseo le fonn Peigín Audley dar ndóigh!

  2. #2
    Politics.ie Regular DeGaulle 2.0's Avatar
    Join Date
    Oct 2008
    Location
    Baile Átha Cliath
    Posts
    2,003

    Tá Rath Chairn suite i gContae na Mí
    Níl sé ró-fhada ó Bhaile Átha Buí,
    Ní raibh mé ann riamh, níl a fhois agam cén fáth
    Ó thaobh easpa eolais, ní fiú dom focal a rá
    Ach cé hí an bhean seo, Peigín Audley?
    Vive le Québec libre ! Ag beathú na dtochardán ón mbliain 2007.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Maith thú féin, a DeGaulle. Caithfidh tú gabháil ann lá éicint. Seo cun-tas gairid a scríobhadh faoi Ráth Chairn san amhrán comórtha 50 bliain:

    Amhrán Ráth Cairn
    (le Ciarán O Fathartha)

    Nach iomaí píosa a d'fhéadfainn ' scríobh,
    Dá mbéinn ábalta ar pheann,
    Faoi na smaointe a d'fhág m'intinn,
    Is an chuid atá fós ann,
    Tá an leathchéad bliain seo curtha a'm dhiom
    Faoi mhisneach, brón is brí
    O thug mé an ruaig bliain 'tríocha cúig,
    Go Ráth Cairn Glas na Mí.

    O maidin Aoine a chaoin na daoine,
    Ag fágáil againn slán,
    Níorbh é ár nádúr an áit a fhágáil,
    Is an gabháltas ' bhí a' ainn [againn] ann,
    Sé De Valera a d'athraigh an scéal,
    Mar is fear é a bhí thar cionn
    Mar cheap sé Éire a dhéanamh Gaelach,
    Is an Ghaeilge a chur chun cinn.

    O fágadh an baile is chuaigh go Gaillimh,
    Is ghlan soir Orán Mór,
    Bhí mná le páistí ina mbaclainn fáiscthe,
    Ag triall ar Thír na nOg,
    Fuair muid treoir sa mbaile mór,
    Le titim drúcht na hoích',
    Is bhí ceann scríbe curtha a'ainn dhínn
    Ráth Cairn Glas na Mí.

    Nach muid a bhí náireach lá arna mhárach,
    Ag siúlóid thart faoin tír,
    A chur faoi ndeara le Conamara,
    Is an áit a mbíodh an spraoi,
    Ach chuir mo shúile deoir le dúil,
    Is ghlas mé misneach is brí,
    Chuir mé dhíom an cumha i mo bhaile nua,
    I Ráth Cairn Glas na Mí.

    O d'imigh lá agus seachtain bhreá,
    Is nárbh fhada ann sé mhí
    Tógadh talamh ar phócaí folmha,
    Is cuireadh rudaí i gcaoi,
    O thug gach éinne cabhair dá chéile,
    Is mhaolaigh sin ár gcás,
    Bhí De Valera ceart an céad uair,
    Bhí préamh na Gaeilge ag fás.

    Bhí a'ainn fuíoll nuair ' d'fheabhsaigh an saol,
    Is bhí an baile ag fáil níos fearr,
    Bhí treabhaire is eallach ag gach teaghlach,
    Is talamh a bhí thar barr,
    Bhí chuile shórt den ghreann is den spórt,
    Le fáil a'ainn chuile lá,
    Is le cabhair ár bpócaí tá scoil tógtha
    Is áras pobail breá.

    O tá go leor le déanamh fós,
    Ach tógfaidh sé roinnt am',
    De réir a chéile tógfar séipéal,
    Is beidh an tAifreann Gaeilge a'ainn ann,
    Beidh an mhuintir thiar ag tíocht aniar,
    Le scléip is spórt is spraoi,
    Is beidh fáilte is féasta roimh gach éinne,
    I Ráth Cairn Glas na Mí.

    Tá a leathchéad bliain seo curtha a'm dhiom,
    Is nach ait mar a d'imigh an t-am,
    Tá cnámha na glúine a tháinig romhainn,
    Faoi shuaimhneas sínte a'ainn ann,
    Ach beidh an t-aos óg a thiocfas fós,
    Ag inseacht ár scéal faoi,
    Is beidh an Ghaeilge bheo le fáil go deo,
    I Ráth Cairn Glas na Mí.

    Mar eolas - tógadh an séipéal ó shin i leith agus bíonn an tAifreann Gaeilge anois ann! Tá súil agam go dtugann sé seo eolas éigin duit faoi scéal Ráth Chairn.

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2007
    Posts
    765

    Mo náire sibh agus na Muimhnigh a tháinig aniar (aneas) á scriosadh as an stair agaibh!

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2010
    Posts
    886

    Bhí cailín óg as Bleá Cliath
    A cheap gur tháinig páistí ó Dhia,
    Ach níorbh é an almighty
    A dardaigh a nightie
    Ach Roger the Dodger, dar fia.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by An Ghearb View Post
    Mo náire sibh agus na Muimhnigh a tháinig aniar (aneas) á scriosadh as an stair agaibh!
    Ní raibh siad sách maith le haghaidh Ráth Chairn. B'in an fáth ar cuireadh go Baile Ghib iad!! Cum véarsa fúthu!

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by Fear Rua View Post
    Bhí cailín óg as Bleá Cliath
    A cheap gur tháinig páistí ó Dhia,
    Ach níorbh é an almighty
    A dardaigh a nightie
    Ach Roger the Dodger, dar fia.
    Álainn!! Cum ceann anois faoi Ráth Chairn.

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2010
    Posts
    886

    Bhí cailín óg darb ainm Karen
    A chuaigh ar saoire 'out foreign'
    Nuair a tháinig sí 'back'
    Bhí sí pósta le Jack
    Agus tá an bheirt acu anois i Rath Cairn

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Hup! Anois tá tú ag cumadh a mhac!

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Mar 2010
    Posts
    886

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Hup! Anois tá tú ag cumadh a mhac!
    Duaiseanna Oireachtas agamsa bíodh a fhios agat but then nach bhfuil ag 'chuile scríbhneoir mór le rá. (teanga i mo bhéal ar fhaitíos na mí-thuisceanna)

Page 1 of 2 12 LastLast

Similar Threads

  1. Club Ráth Cairn
    By sean1 in forum Gaeilge
    Replies: 1
    Last Post: 28th October 2009, 02:49 PM
  2. Replies: 13
    Last Post: 3rd June 2008, 06:27 PM
  3. Comórtas na Seachtaine
    By Gary in forum Gaeilge
    Replies: 4
    Last Post: 8th May 2006, 04:05 PM
  4. Comórtas peile na Gaeilge chugainn?
    By sean1 in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 6th May 2006, 12:44 PM