Page 1 of 2 12 LastLast
Results 1 to 10 of 14

Thread: Aire Sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta geallta ag Fine Gael

  1. #1
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Aire Sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta geallta ag Fine Gael

    Tá Aire Sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta geallta ag Fine Gaeilge má éiríonn leo an chéad olltoghchán eile a bhuachaint. An gcreideann sibh iad? Tugadh an méid sin le fios i mBéarla dar ndóigh!

    Tuilleadh eolais:

    Geallann Fine Gael aireacht shinsearach don Ghaeilge

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2007
    Posts
    765

    Ní chreidim. Ní chuireann a gcuid aighdias don leanguaits aon vishnagh ormsa. Bobarúin de Bhéarlóirí i gceannas ar pholasaí teangan ón taobh amuigh...is dócha gur veistid intrists iad súd a bhfuil an teanga ar a dtoil acu.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Tá Aire Sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta geallta ag Fine Gaeilge má éiríonn leo an chéad olltoghchán eile a bhuachaint. An gcreideann sibh iad? Tugadh an méid sin le fios i mBéarla dar ndóigh!

    Tuilleadh eolais:

    Geallann Fine Gael aireacht shinsearach don Ghaeilge


    Aire Sinsearach nó aireacht shinsearach?
    Aireacht, sin cuid de Roinn, nach ea?
    Nach bhfuil Aire Sinsearach ann cheana?

    An gcreideann daoine i "ngealltanais pholaitiúla" fós?

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Aire Sinsearach nó aireacht shinsearach?
    Aireacht, sin cuid de Roinn, nach ea?
    Nach bhfuil Aire Sinsearach ann cheana?

    An gcreideann daoine i "ngealltanais pholaitiúla" fós?
    Aireacht Shinsearach ach glacaim leis go mbeidh sé de sprioc ag Fine Gael Aire Sinsearach a roghnú as Teachtaí Fhine Gael le cur isteach san Aireacht Shinsearach áirithe sin.

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Aireacht Shinsearach ach glacaim leis go mbeidh sé de sprioc acu .....
    Sin an chaoi a smaoineann daoine go ndeireann polaiteoirí rud nach ndeireann siad. Tá sé deacair go leor dom gealltanas polaiteora a chreidiúint gan a bheith ag caoint ar ghealltanas nár tugadh. Sin mian do chinn fhéin.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    [QUOTE=An Ghearb;2517969}Bobarúin de Bhéarlóirí i gceannas ar pholasaí teangan ón taobh amuigh....[/QUOTE]

    Níl aon rud níos measa. Cén chaoi go bhféadfadh éinne nach bhfuil Gaeilge acu próifíl na Gaeilge agus na Gaeltachta a thuiscint i gceart.

  7. #7
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by duine n View Post
    Sin an chaoi a smaoineann daoine go ndeireann polaiteoirí rud nach ndeireann siad. Tá sé deacair go leor dom gealltanas polaiteora a chreidiúint gan a bheith ag caoint ar ghealltanas nár tugadh. Sin mian do chinn fhéin.
    Ba cheart dom bheith níos cúramaí. Aithním sin agus gabhaim mo mhíle leithscéal le muintir Fhine Gael uilig, blah blah blah.

    B'fhéidir nach ngabhaim mo mhíle leithscéal! Seasaim go hiomlán le teideal an tsnátha. Tá siad ag geallúint go mbeidh 'Aire Sinsearach' ann. Ní féidir 'Aire Sinsearach' a bheith ann gan 'Aireacht Shinsearach' a bheith ann.
    Last edited by Culann; 12th March 2010 at 12:06 PM.

  8. #8
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Ba cheart dom bheith níos cúramaí. Aithním sin agus gabhaim mo mhíle leithscéal le muintir Fhine Gael uilig, blah blah blah.

    B'fhéidir nach ngabhaim mo mhíle leithscéal! Seasaim go hiomlán le teideal an tsnátha. Tá siad ag geallúint go mbeidh 'Aire Sinsearach' ann. Ní féidir 'Aire Sinsearach' a bheith ann gan 'Aireacht Shinsearach' a bheith ann.
    Bhuel, bhí cúpla rud i gceist agam.

    Sílim fhéin i ndáirire nach gealltanas a bhí ann ar chor ar bith ach focal a "Dúirt urlabharí Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Fhine Gael, Michael Ring". Ní dóigh liom go mbeadh cead aige polasaí a shocrú nó gealltanas a dhéanamh. Agus cad is gealltanas ann ar chor ar bith? Má deirim go mbeidh slua mór ag an cluiche Dé Domhnaigh, an gealltanas é seo nó tuairim phearsanta?

    Sílim nach raibh i gceist ag an Ringeach ach poiblíocht don a phairtí fhéin. Sin an obair atá aige.

  9. #9
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Maith go leor! Céard a cheapann tú faoin méid a tuairiscíodh?

  10. #10
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Posts
    4,527

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Maith go leor! Céard a cheapann tú faoin méid a tuairiscíodh?

    gaofaireacht polaiteora gan bhrí!

Page 1 of 2 12 LastLast

Similar Threads

  1. Linux agus ríomhchláir as Gaeilge
    By tumeltyni in forum Gaeilge
    Replies: 14
    Last Post: 10th April 2011, 08:47 PM
  2. Fine Gael agus fóram nua do Thuaisceart Éireann
    By Darren Mac an Phríora in forum Gaeilge
    Replies: 16
    Last Post: 22nd July 2009, 01:15 PM
  3. Replies: 17
    Last Post: 9th September 2008, 12:07 AM
  4. Aire na Gaeilge?
    By Joeyjoejoe in forum Gaeilge
    Replies: 16
    Last Post: 27th February 2008, 11:30 PM
  5. Foras na Gaeilge agus conspóid
    By Darren Mac an Phríora in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 28th January 2008, 01:44 AM