Seachtain na Gaeilge 2010. Céard a bheidh á dhéanamh agatsa?
Seachtain na Gaeilge 2010. Céard a bheidh á dhéanamh agatsa?
Léifidh mé agus scríobhfaidh mé Í mar a dhéanaim gach seachtain eile de mo shaol.
Bhí mé ag smaoineamh Á hiarraidh siúl amach liom, áfach, braon is gobladh nó dhó a roinnt Lei, fios agus aithne a chur Uirthi,agus , más cuí, siúl lámh ar láimh agus meon ar mheon Lei; agus más cuí, Á posadh , agus más cuí, neacha bheaga a ghiniúint leath duineata leath teangúil.
Ach, tá mé ró-chuthalach
Taim as dtaithi leis an teanga le cupla bliain anuas (gabh mo leithsceal maidir leis an gramadach), ach dheanfaidh me mo dhicheall e a chleachtadh anseo.
An dtugann Seachtain na Gaeilge leithscéal do dhaoine ("figiúirí poiblí" atá i gceist agam go háraithe) neamhaird a thabhairt don teangain sa chuid eile den bhliain?
The language of the conqueror in the mouth of the conquered is ever the language of the slave. - Tacitus
Is dócha - fágann siad do TG4, SnaG srl é a choimead beo nuair is eol do gach éinne gur cheart tír dhátheangach a chruthú. Beidh todchaí an teanga sna Gaelscoileanna agus sna cathracha mar ta meath mor sna Gaeltachtaí (i gCorca Dhuibhne pé scéal é).
Feictear domsa go dtugann ar bhealach. Déantar iarracht mhór ar stáisiúin raidió ach go háirithe Gaeilge a labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge ach chomh luath agus a thagann deireadh léi cuirtear deireadh leis na hiarrachtaí go dtí an chéad bhliain eile. Meas tú sibh cén fáth nach leantar ar aghaidh leis an nGaeilge.
Táimse ag tnúth leis i mbliana. Fuaireas an leabhrán ó Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus tá cúpla imeacht a d'fhéadfainn a bhaint amach leis an iníon — ealaíona & ceardaíocht, tráth na gceist, srl. Súil agam go mbeidh deis agam cluas a thabhairt do chlár Rónán Beo ar Raidió na Gaeltachta inniu maidir leis an 'ollrith ar son na Gaeilge'; an-chuimhneamh is ea é.
Tagaim leis na tuairimí thuas faoin mbéalghrá agus uaireanta bheadh saghas náire ort ag éisteacht le cuid acu an taca seo den mbliain, ach, sure, táimid ar fad i dtaithí ar a leithéid faoi seo.
:sea!: Is moth lom Guaeilgea ne Guaeilscolainea ogfhios Guaeilgea ne Cothraicea. Teá int seainge dúcasac sleáin.