Príomh scéal Lá Nua inniu. Bhúr mbarúil
Bhí oifigigh de chuid Shinn Féin ag labhairt le feidhmeannaigh i Sráid Downing inné le míniú a fháil ar chúlú tobann rialtas na Breataine ón gheallúint go gcuirfí tús le reachtú Bhille na Gaeilge in Westminster, an tseachtain seo.
Cé gur foilsíodh dréacht-Bhille, inné, in Westminster, bhí cealg gan choinne i bhfógra an Aire Cultúir, Maria Eagle, nó d'fhógair sí go raibh tús á chur le próiseas úr comhairliúcháin ar an dréachtbhille, próiseas a mhairfeadh trí mhí eile.
De réir an Dréacht-Bhille seo, bheadh ar 17 'eagras poiblí' scéimeanna a aontú faoi mar atá ó dheas agus, fosta, bheadh Coimisinéir Teanga ann chun maoirsiú a dhéanamh orthu.
Bheadh cead freisin an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna agus bheadh roinnt foirmeacha ar fáil as Gaeilge.
Bhí go leor, áfach, nach raibh san áireamh sa reachtaíocht - ceist an chraolacháin agus ceist na comharthaíochta poiblí, mar shampla.
Ag labhairt dó ag Stormont, inné, dúirt ceannaire Shinn Féin, Gearóid Mac Adaim, gur lá stairiúil a bhí ann go raibh fógra déanta ag rialtas na Breataine go reachtófaí Acht Gaeilge ach go raibh an páirtí míshásta faoin chur chuige scéime.
Ar an Luan, tuigeann Lá Nua, bhí cruinniú ag ceannairí Shinn Féin le Státrúnaí na Breataine ó thuaidh, Peter Hain, agus pléadh Acht na Gaeilge ansin.
Tugadh geallúint, de réir fhoinsí Shinn Féin, go mbeadh reachtaíocht á cur faoi bhráid Westminster an lá dár gcionn ach ní dhearnadh tagairt ar bith don dara próiseas comhairliúcháin.
An tseachtain seo caite, thuairiscigh Lá Nua go raibh breis is 670 aighneacht seolta chuig an Roinn Cultúir faoin mholadh reachtaíochta seo agus go raibh a bhformhór mór, 93%, ar son na reachtaíochta.
“Is cosúil gur tugadh cluas éisteachta don 7% a chuir isteach aighneachtaí in éadan na reachtaíochta agus cluas bhodhar don mhóramh mór,” arsa Janet Muller ó POBAL, inné.
Dar léi go n-ardaíonn fógairt an dara próiseas comhairliúcháin seo go leor ceisteanna.
“Ní heol dom aon phróiseas comhairliúcháin a raibh toradh 100% ar son an mholta air,” ar sise. “Cén fáth nach leor 93% mar sin chun reachtaíocht Ghaeilge cheartbhunaithe a reachtú?”
Ina ráiteas in Westminster, mhaígh an tAire Maria Eagle go raibh 'tuairimí ag teacht salach ar a chéile' faoin reachtaíocht seo i dTuaisceart Éireann.
Mhaígh sí fosta go raibh sé ráite, le linn an phróisis, gur cheart go mbeadh deis ag daoine freagra a thabhairt ar an dréacht-reachtaíocht, clasail is uile san áireamh.
Dar le Janet Muller, áfach, dhiúltaigh oifigigh i Roinn an Aire Eagle na clasail a chur os comhair an phobail sa chéad phróiseas comhairliúcháin agus dúradh le POBAL nach mbeadh am ann don dara próiseas.
De bharr an síneadh 12 sheachtain, tá POBAL agus go leor eile den bharúil gur caolseans atá ann anois go reachtófar an Bille, dá laige é, in Westminster agus gur faoi Thionól Stormont a bheidh sé.
Sa chás sin, tá an dá mhórpháirtí aontachtacha tar éis a rá go hoscailte go mbeidís in éadan a leithéid de reachtaíocht agus, mar sin, beidh sé ina chath fíochmhar é a reachtú.
Sna laethanta amach romhainn, beidh eagrais Ghaeilge an Tuaiscirt ag meabhrú ar an bheart ar cheart tabhairt faoi anois chun a thuilleadh brú a chur ar an dá rialtas is ar na pairtithe maidir leis an cheist seo.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote