Tá calaois déanta ag Rialtas na Breataine faoi Acht na Gaeilge ó thuaidh.
Cé go bhfuair siad breis is 600 aighneacht, 93% acu ar son reachtaíocht ceart bhunaithe, thug an Aire Eagle cluas bodhar doibh san agus duirt sí go raibh gá barúlacha an 7% a bhí in éadan an Achta a ghlacadh ar bórd.
An toradh ar seo: Dréacht bhille lagbhrioch bunaithe ar an gcur chuige scéimeach. Mura bhfuil sin olc go leor, tá proiseas comhairliúchain eile tionscnaithe agus ceaptar go gcuireann seo deireadh leis an seans go mbeidh Acht Ghaeilge á reachtú i Westminster agus go dtiocfaidh sé faoi bhraid Stormont (ach amháín sa chas go mbionn Paisley ag tarrac a chos ar feadh níos faide ná an trí mhí). Sa chas sin beidh aondachtaithe ag iarraidh an acht a chur le scian.
Ní mór a rá má tharlaíonn seo gur léiriú 'mala fides' Rialtas na Breataine i leith Comhaontú Chill Rimhinn é agus, sa chás sin, ní mór do Rialtas na hÉIreann labhairt amach agus a rá nach bhfuil cead an comhaontú idirnáisiúnta sin a athrú gan dul i gcomhairle leo, an pairtí eile sa chomhaontú.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote