Tá George Lee théis éirí as Fine Gael agus an Dáil inniu de bharr gur cheap sé nár éirigh leis aon dul chun cinn a dhéanamh agus de bharr gur cheap sé nach raibh aon tionchar aige ar thada. Tuilleadh anseo:
George Lee resigns from Fine Gael and Dáil Éireann - The Irish Times - Mon, Feb 08, 2010
Freisin d'admhaigh Enda ar maidin go raibh sé théis praiseach a dhéanamh de chúpla agallamh mór le gairid - dhá 'own goal' ligthe isteach aige ar Newstalk agus ar an Late Late - agus dúirt sé gur ghabh sé leithscéal le lucht an pháirtí ag an deireadh seachtaine mar gheall air sin. An bhfuil muid ag feiceáil deireadh le dul chun cinn Fhine Gael agus tús le teacht ar ais Fhianna Fáil - d'eirigh leo dul chun cinn beag a dhéanamh sna vótaíochtaí deireanacha in ainneoin na cáinaisnéise deacra a bhí orthu a chur i bhfeidhm gan a bheith ag trácht ar NAMA.
É sin a phlé.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote