Ba bhreá liom aontú leat ach ní féidir liom. Ní dóigh liom go ndéanfadh
FG jab pioc níos fearr ná
FF. Ba bhreá liom muinín a bheith agam iontu ach ní thugann siad ábhar dóchais dhom. Ba bhreá liom fáil réidh le
FF. Tá an ceart agat. Scrios siad an geilleagar. Ní bhfaighidh siad vóta ar bith uaim arís ach ní bhfaighidh
FG ach an oiread.
Chuala mé neart vox-popanna agus léigh mé neart cinnlínte ón Ard-Fheis (Comhdháil Naisiúnta nó cibé rud a bhí ann) le cúpla lá anuas ach ní thugann siad aon dóchas dom. Luaigh tú 'polasaithe feiliúnacha' thuas. Céard iad féin??
Níl an páirtí go hiomlán taobh thiar den cheannaire. Tá go poiblí ach is léir don dall nach bhfuil go príobháideach. D'éirigh George Lee as an bpáirtí de bharr gur chreid sé nach raibh
FG sách cumasach ná sách radacach fadhbanna eacnamaíochta na tíre a réiteach. Tháinig sé chun solais gur bhagair Lucinda Creighton go gcaithfí próifíl sa mbinse tosaigh a thabhairt di. Deireann Leo Varadkar a rogha rud sna meáin agus dar ndóigh déanann sé a rogha rud. Bhí an triúr sin á gcur chun tosaigh ag an bpáirtí mar an chéad ghlúin eile. Más é sin an chéad ghlúin eile b'fhearr liom gabháil ar imirce. Níl pairtí Fhine Gael le chéile agus níl siad ag casadh an phoirt chéanna. Tá Fine Gael, dar liom, díreach mar an gcéanna le
FF ach amhain go bhfuil na diabhail i
FF níos cliste agus níos glice.