Tá na foirne idirchontae uilig ar ais ag traenáil agus ní fada go mbeidh an séasúr peile agus iománaíochta faoi lánseol arís. Mar sin, cé a bhuafaidh na sraitheanna náisiúnta agus na craobhchomórtais peile agus iománaíochta i mbliana.
Seo a leanas a cheapaim féin:
Sraith peile - Baile Átha Cliath
Sraith iománaíochta - Tiobraid Árann
Craobh Laighean - peil - Baile Átha Cliath
Craobh Chonnacht - peil - Gaillimh
Craobh Mumhan - peil - Corcaigh
Craobh Uladh - peil - Tír Eoghain
Craobh Laighean - iománaíocht - Cill Chainnigh
Craobh Mumhan - iománaíocht - Tiobraid Árann
Craobh na hÉireann - peil - Corcaigh
Craobh na hÉreann - iománaíocht - Cill Chainnigh
Céard a cheapann sibh féin? An aontaíonn sibh liom? Cé a roghnódh sibh féin ag an bpointe seo? An mbeidh aon 'iontas mór' ann i mbliana? An mbeidh bliain mhaith ag leithéidí Chill Dara agus Chill Mhantáin arís i mbliana?



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote