Page 6 of 13 FirstFirst ... 45678 ... LastLast
Results 51 to 60 of 122

Thread: Clg 2010

  1. #51
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Go raibh maith agat. Athraíonn sé sin cúrsaí. Na Dubs agus Corcaigh don chraobh mar sin. Céard a cheapann tú féin?

  2. #52
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jun 2009
    Posts
    24

    Dearcann tosaithe Corcaigh níos láidire agus tá an cluiche i gCorcaigh. Níl me ró-chinnte.

  3. #53
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Bhuaigh Gaillimh ar Bhaile Átha Cliath, Cill Chainnigh ar Luimneach, Port Láirge ar Uíbh Fhailí agus Corcaigh ar Thiobraid Árann. Bhí mé an-sásta gur thug Luimneach cluiche maith dho Chill Chainnigh. Tá súil agam go n-éireoidh leo i mbliana. Ní bheadh mórán measa agam ar iarimreoirí Luimnigh.

    Fair play dho Fraxinus a roghnaigh Gaillimh ag tús na bliana. Beidh siad sa gcraobh in aghaidh Chorcaí. Roghnaigh Floating Voter Tralee Corcaigh ach ní go dtí cúpla seachtain ó shin!

    Roghneoidh mé Gaillimh don chraobh. Éinne eile sásta na buaiteoirí a thuar?

  4. #54
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Maigh Eo in aghaidh Chorcaí sa gcraobh. Cé a bhuafaidh?? Gabhfaidh mise le haghaidh Chorcaí.

    Bhí bua éasca ag Maigh Eo ar Chorcaigh inné agus tá go leor Dubs ag rá go ndearnadh feall orthu. An bhfuil cúis ghearáin acu?

    Bhí na Dubs iontach inné seachas an chéad chúig nóiméad den dara leath.

    Dhá fhoireann ón Tuaisceart imithe síos go dtí an dara roinn. An gciallaíonn sé seo tada do pheil chúige Uladh?

  5. #55
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    An fiú dom coinneáil orm ag cur suas torthaí na gcluichí agus ag lua mórcheisteanna atá á bplé ag an mórphobal maidir le cúrsaí peile is iománaíochta? Tá sé ag éirí tuirsiúil, go háirithe nuair nach bhfuil éinne sásta na ceisteanna áirithe sin a phlé. An bhfuil éinne ag iarraidh go gcoinneoidh mé orm?

  6. #56
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jun 2009
    Posts
    24

    Lean ort Culann. Ní bhím anseo ro-mhinic ach bainim spraoi as.

    Ní raibh go leor ar súil sa chluiche idir Muigh Eo agus Corcaigh sa cheád leath ach bhí níos mo fuinnimh í Muigh éo sa dara leath. Níl leithsceál ar bith ag na Dubs. Bhí an t-ádh dearg orthu in aghaidh Muigh Eo. Tá an iomarca cúlaithe ag imirt mar thosaithe acu. Beidh siad do-bhuailte sa chraomh ach ní dóigh liom go bhfuil siad sách laidir.

    Cé go bhfuil dhá fhoireann ón Tuaisceart imithe, tá dhá cheann tagtha aníos freisin. Cosúil leis na Dub's, beidh Tír Eoghain do-bhuailte. Níl a fhios agam faoi Doire.

  7. #57
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by Lugh Airgeadlámh View Post
    Lean ort Culann. Ní bhím anseo ro-mhinic ach bainim spraoi as.
    Maith go leor, mar sin!

    Quote Originally Posted by Lugh Airgeadlámh View Post
    Ní raibh go leor ar súil sa chluiche idir Muigh Eo agus Corcaigh sa cheád leath ach bhí níos mo fuinnimh í Muigh éo sa dara leath. Níl leithsceál ar bith ag na Dubs. Bhí an t-ádh dearg orthu in aghaidh Muigh Eo. Tá an iomarca cúlaithe ag imirt mar thosaithe acu. Beidh siad do-bhuailte sa chraomh ach ní dóigh liom go bhfuil siad sách laidir.
    Déarfainn go bhfuil an ceart agat anseo freisin. Chuala mé go leor daoine ag gearán faoi mhuintir Chorcaí ach ag deireadh an lae dá mbuafadh BÁC ar Ghaillimh ní bheadh aon ghá a bheith ag brath ar fhoirne eile agus, mar a luaigh tú thuas, bhí an t-ádh orthu in aghaidh Mhaigh Eo. Freisin, dá mbeadh siad sa gCraobh bheadh an-bhrú orthu i gCraobh Laighean. Tuigeann tú an hype a bhíonn i mBÁC. Déarfainn go bhfuil Gilroy sásta go leor.

    Quote Originally Posted by Lugh Airgeadlámh View Post
    Cé go bhfuil dhá fhoireann ón Tuaisceart imithe, tá dhá cheann tagtha aníos freisin. Cosúil leis na Dub's, beidh Tír Eoghain do-bhuailte. Níl a fhios agam faoi Doire.
    Cuireadh sin in iúl dom dhá nóiméad théis dhom é a scríobh anseo!

    Is iad Gaillimh agus Corcaigh a bheidh sa gCraobh iománaíochta agus is iad Luimneach a bheidh ag gabháil síos go dtí an dara roinn má fhanann rudaí mar atá anois.

    Faoi láthair tá Gaillimh ag buachaint ar Chorcaigh 3-17 go 2-13 agus tá BÁC ag buachaint ar Luimneach 6-30 go 2-11. Tá trua ag am do Luimneach. Ba bhreá liom iad a fheiceáil ag déanamh go maith leis an bpainéal reatha. Ní thabhrafainn mórán airde ar an scór idir Gaillimh agus Corcaigh cé go gceapaim go mbeidh an bua ag Gaillimh sa gCraobh. Ní dóigh liom go mbeidh níos mó ná 3 chúilín eatartha. Aon duine eile?

    Aon rud le rá ag aon duine faoi Chomhdáil CLG a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine? Is cosúil nach bhfuil siad ag glacadh leis na rialacha nua a bhí i bhfeidhm sa léig seachas an ceann maidir leis na ciceanna éirice a bheith le tógáil ó 11 méadar seachas ó 13 méadar. Níor ceadaíodh dhá chúilín do phocanna taobhlíne san iománaíocht. Bhí díomá orm faoi sin. Ba cheart aitheantas ar leith a thabhairt don scil ar leith seo. Tugadh aitheantas oifigiúil don GPA freisin. An gceapann sibh gur rud maith é sin? An ndéanfaidh sé sin dochar do stádas amaitéarach ár gcuid imreoirí?
    Last edited by Culann; 18th April 2010 at 04:27 PM.

  8. #58
    Politics.ie Regular Fir Bolg's Avatar
    Join Date
    Dec 2006
    Location
    Éire
    Posts
    1,284

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Faoi láthair tá Gaillimh ag buachaint ar Chorcaigh 3-17 go 2-13 agus tá BÁC ag buachaint ar Luimneach 6-30 go 2-11. Tá trua ag am do Luimneach. Ba bhreá liom iad a fheiceáil ag déanamh go maith leis an bpainéal reatha. Ní thabhrafainn mórán airde ar an scór idir Gaillimh agus Corcaigh cé go gceapaim go mbeidh an bua ag Gaillimh sa gCraobh. Ní dóigh liom go mbeidh níos mó ná 3 chúilín eatartha. Aon duine eile?
    Táim dóchasach go mbeidh an bua ag Gaillimh sa tsraith iománaíocht. Beidh sé deacár a rá cén scór eatartha. Cupla pointe 's sin an méid go deimhin.Sílim go mbeidh cluiche iontach é. Beidh mé ann ar aon nós.

  9. #59
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Bíodh an-oíche agat. Na Gillimhigh abú! Ba bhreá liom iad a fheiceáil ag déanamh go maith i mbliana.

  10. #60
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Is iad Corcaigh seaimpíní na sraithe agus é tuillte go maith acu. Fair play dhuit a Fhir Bolg as iad a roghnú roimh thús na sraithe. Ba thusa an t-aon duine a roghnaigh iad.

    Beidh craobh na hiomána ar siúl ag an deireadh seachtaine idir Gaillimh agus Corcaigh ach an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh Nua Eabhrac ag tabhairt aghaidhe ar Ghaillimh agus ag cur tús leis an rás le haghaidh SAM. Dar ndóigh tá mé ag gabháil le Gaillimh sa gceann sin agus tá mé chun seasamh le Corcaigh le haghaidh SAM a bhuachaint.

    Fáilte roimh roghanna daoine eile dar ndóigh!

Page 6 of 13 FirstFirst ... 45678 ... LastLast

Similar Threads

  1. [UK] Can Labour win in 2010?
    By evercloserunion in forum British General Election 2010
    Replies: 3
    Last Post: 4th January 2010, 12:23 AM
  2. Protest 2010
    By Audiomad in forum Elections
    Replies: 10
    Last Post: 31st October 2009, 12:50 PM
  3. War in 2010?
    By Border-Rat in forum Northern Ireland
    Replies: 64
    Last Post: 20th October 2009, 08:08 PM
  4. The world in 2010
    By seabhcan in forum Foreign Affairs
    Replies: 2
    Last Post: 5th April 2009, 11:59 AM