Page 4 of 13 FirstFirst ... 23456 ... LastLast
Results 31 to 40 of 122

Thread: Clg 2010

  1. #31
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    BHí bua an-mhaith ag Corcaigh in aghaidh na Gaillimhe inné. Tá mé ag ceapadh go mbeidh sé an-deacair iad a stopadh i mbliana. Beidh an dá fhoireann eile nár chaill fós, Maigh Eo agus na Dubs, ag tabhairt aghaidhe ar a chéile inniu. Tá spiorad nua san Dubs i mbliana. Tá súil agam go mbuann siad.

  2. #32
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Is cosúil go raibh an-chluiche idir Tiobraid Árann agus Cill CHainnigh. Bhuaigh TÁ agus bhí os cionn 20,000 de lucht féachana i láthair aige.

    Sa bpeil bhí buanna maith ag BÁC, Muineachán agus Ciarraí. Fágann sé sin go bhfuil Corcaigh agus BÁC ag barr na sraithe théis trí chluiche. Tá mé féin fós ag ceapadh go mbuafaidh na Dubs an léig agus go mbuafaidh Corcaigh Sam.

  3. #33
    Politics.ie Regular
    Join Date
    May 2009
    Posts
    417

    Ceapaim cinnte go mbeidh an Sraith idir Corcaigh agus Baile Atha Cliath, chonaic me BÁC i gCill Áirne agus bhí siad ag druidim go maith, cé nach raibh ach leath-foireann ag Ciarraí. Tá sé ró-luath fós áfach féachaint ar aghaidh go dtí an chraobh, bhí an Ríocht tagtha ar ais chucu féin sa dara leath inniu, agus ní bheadh ionadh orm iad a fheiceáil ar ais sa chluiche ceannais fós.

  4. #34
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by FloatingVoterTralee View Post
    Ceapaim cinnte go mbeidh an Sraith idir Corcaigh agus Baile Atha Cliath, chonaic me BÁC i gCill Áirne agus bhí siad ag druidim go maith, cé nach raibh ach leath-foireann ag Ciarraí. Tá sé ró-luath fós áfach féachaint ar aghaidh go dtí an chraobh, bhí an Ríocht tagtha ar ais chucu féin sa dara leath inniu, agus ní bheadh ionadh orm iad a fheiceáil ar ais sa chluiche ceannais fós.
    An t-aon rud a déarfainn faoi Chiarraí, agus nílim ag rá rá go cinnte nach mbuafaidh siad é, ná go bhfuil neart imreoirí móra maithe a raibh neart taithí acu imithe uathu anois. O' Sullivan, Walsh, Ó Sé agus Kinelly. Dá n-imeodh imreoirí mar sin ó fhoireann ar bith bheadh siad i gcruachás. Má fhoghlaimíonn Corcaigh ceacht ó anuraidh tá mé ag ceapadh go mbeidh leo i mbliana. Tá foireann iontach acu.

  5. #35
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Cluichí na deireadh seachtaine seo:

    Tír Eoghain V Corcaigh, Áth Cliath V Muineachán, Doire V Maigh Eo, Gaillimh V Ciarraí

    Gabhfaidh mise le Tír Eoghain, BÁC, Doire agus le Ciarraí.

  6. #36
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Bua éasca anocht ag BÁC in aghaidh na Mhuineacháín agus ag Tír Eoghain in aghaidh Chorcaí mar a bhí tuartha agam thuas! Ar chuala éinne aon scéal ón gcluiche idir Doire agus Maigh Eo?
    Last edited by Culann; 13th March 2010 at 09:35 PM.

  7. #37
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Tá sé ceart go leor. Bhuaigh Maigh Eo ar Dhoire. Ní raibh an ceann sin tuartha agam. Déarfainn go mbeidh na Dubs i gcraobh na sraithe anois. Beidh sé idir Maigh Eo agus Corcaigh don dara háit sa gcraobh is dócha. Céard a cheapann sibh?

  8. #38
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Bhí bua éasca ag Ciarraí ar Ghaillimh. Bhí Gaillimh ag imirt go hiontach go dtí gur gortaíodh Michael Meehan. Bhí 1-4 scóráilte aige théis 20 nóiméad ach d'imigh sé den pháirc gortaithe cúpla nóiméad ina dhiaidh. Ina dhiaidh sin rinneadh scrios ar Ghaillimh.

    San iomanaíocht bhí buanna ag Uíbh Fhailí ar BÁC, ag Port Láirge ar Luimneach, ag Corcaigh ar Chill CHainnigh agus ag TÁ ar Ghaillimh.

    Fágann sé sin go bhfuil BÁC ag buachan an tsraith peile le Maigh Eo agus Corcaigh dhá phointe taobh thiar agus sa tsraith iománaíochta tá Corcaigh ag buachan le Gaillimh agus TÁ dhá phointe taobh thiar.

    Ag tús na sraithe bhí na foirne seo a leanas tuartha againn:

    Culann: Peil - BÁC - Iomán. - TÁ
    Fir Bolg: Peil - Corcaigh - Iomán - CC
    MIxer 73: Peil - BÁC - Iomán - TÁ
    Frazimus: Peil - Tír Eoghain - Iomán - Gaillimh

    Éinne ag iarraidh na tuartha sin a athrú? Éinne eile ag iarraidh na buaiteoirí a thuar?
    Last edited by Culann; 15th March 2010 at 09:18 AM.

  9. #39
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Jan 2007
    Posts
    765

    Sa tSraith, ab ea? Cuma mhaith ar na Corcaígh san iomáint agus ar Bhaile Átha Cliath sa chaid, dar liom. (Nach furasta dom é sin a rá roinnt tar éis roinnt cluichí...tabharfaidh mé tuar ar an gcomórtas Uile-Éireann timpeall mí Lúnasa.)

  10. #40
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by An Ghearb View Post
    Sa tSraith, ab ea? Cuma mhaith ar na Corcaígh san iomáint agus ar Bhaile Átha Cliath sa chaid, dar liom. (Nach furasta dom é sin a rá roinnt tar éis roinnt cluichí...tabharfaidh mé tuar ar an gcomórtas Uile-Éireann timpeall mí Lúnasa.)
    Nach tráthúil!! Muise, roghnaigh cúpla foireann do na craobhchomórtais. Níl tada le cailliúint agat.

Page 4 of 13 FirstFirst ... 23456 ... LastLast

Similar Threads

  1. [UK] Can Labour win in 2010?
    By evercloserunion in forum British General Election 2010
    Replies: 3
    Last Post: 4th January 2010, 12:23 AM
  2. Protest 2010
    By Audiomad in forum Elections
    Replies: 10
    Last Post: 31st October 2009, 12:50 PM
  3. War in 2010?
    By Border-Rat in forum Northern Ireland
    Replies: 64
    Last Post: 20th October 2009, 08:08 PM
  4. The world in 2010
    By seabhcan in forum Foreign Affairs
    Replies: 2
    Last Post: 5th April 2009, 11:59 AM