Page 3 of 13 FirstFirst 12345 ... LastLast
Results 21 to 30 of 122

Thread: Clg 2010

  1. #21
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Bhuaigh Gaillimh, Pórt Láirge agus Corcaigh. Mar sin fuair mé trí as trí! Cuireadh an cluiche idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann siar go dtí an Mháirt de bharr na drochaimsire.

    Is iad seo a leanas cluichí na seachtaine seo chugainn: Luimneach V Corcaigh, Cill Chainnigh V Uíbh Fhailí, Gaillimh V Port Láirge agus BÁC V Tiobraid Árann. Rachaidh mé le Corcaigh, Cill Chainnigh, Gaillimh agus Tiobraid Árann.

    Aon duine eile sásta tuairimí a thabhairt?

  2. #22
    Politics.ie Regular Fir Bolg's Avatar
    Join Date
    Dec 2006
    Location
    Éire
    Posts
    1,275

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Bhuaigh Gaillimh, Pórt Láirge agus Corcaigh. Mar sin fuair mé trí as trí! Cuireadh an cluiche idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann siar go dtí an Mháirt de bharr na drochaimsire.

    Is iad seo a leanas cluichí na seachtaine seo chugainn: Luimneach V Corcaigh, Cill Chainnigh V Uíbh Fhailí, Gaillimh V Port Láirge agus BÁC V Tiobraid Árann. Rachaidh mé le Corcaigh, Cill Chainnigh, Gaillimh agus Tiobraid Árann.

    Aon duine eile sásta tuairimí a thabhairt?
    Rachaidh me le Corcaigh, Cill Chainningh, Port Larige agus TA.

  3. #23
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Díreach théis a chloisteáil go bhfuil TÁ V Cill Chainnigh curtha siar go dtí 7 Márta. Meas sibh an imreofar go deo é!?

    Céard a cheap sibh faoi na gearáin a bhí ag Mickey Harte agus ag Peter Canavan maidir leis na ceamaraí a bheith ag na cluichí móra agus go raibh pionóis níos mó á ngearradh ar imreoirí Thí Eoghain nuair a rinne siad rudaí míchearta de bharr go raibh siad i gcónaí ar an teilifís?

    Go pearsanta ní cheapaim go bhfuil cúis ghearáin acu. Gearrtar pionóis ar imreoirí a dhéanann rudaí míchearta. Sin bun agus barr an scéil. Dá bharr sin sílim gur cheart do Mickey Harte a bheith ag díriú níos mó ar a chuid imreoirí féin a choinneáil faoi smacht. Freisin, is é an fáth a mbíonn siad i gcónaí ar an teilifís ná de bharr go bhfuil foireann mhaith acu. Arbh fhearr leo gan a bheith ar an teilifís agus gan foireann mhaith a bheith acu? Is laochra iad de chuid gasúr óg. Déanann na gasúir óga sin aithris ar a gcuid laochra. Mar sin ba cheart go mbeadh siad in ann smacht a choinneáil orthu féin. Céard a cheapann muintir Thír Eoghain faoin scéal seo?
    Last edited by Culann; 24th February 2010 at 05:52 PM.

  4. #24
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2009
    Posts
    382

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Tá tú ag ceapadh go gcaillfidh Cill CHainnigh faoi dhó cosúil le Fir Bolg. Tá súil le Dia agam go mbeidh an ceart agat. An bhfuil rud éigin ar eolas agaibh nach bhfuil ar eolas agamsa. An bhfuil cúpla Canning nua le teacht tríd i mbliana nó rud éicint?
    Tá brón orm, ach Níl ann ach rud atá in aice le do thoil.
    "All truth passes through three stages. First it is ridiculed , second it is violently opposed, and third it is accepted as self-evident" Arthur Schopenhaur, German Philosopher, 1788-1860.

  5. #25
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2009
    Posts
    1,411

    Quote Originally Posted by Culann View Post
    Díreach théis a chloisteáil go bhfuil TÁ V Cill Chainnigh curtha siar go dtí 7 Márta. Meas sibh an imreofar go deo é!?

    Céard a cheap sibh faoi na gearáin a bhí ag Mickey Harte agus ag Peter Canavan maidir leis na ceamaraí a bheith ag na cluichí móra agus go raibh pionóis níos mó á ngearradh ar imreoirí Thí Eoghain nuair a rinne siad rudaí míchearta de bharr go raibh siad i gcónaí ar an teilifís?

    Go pearsanta ní cheapaim go bhfuil cúis ghearáin acu. Gearrtar pionóis ar imreoirí a dhéanann rudaí míchearta. Sin bun agus barr an scéil. Dá bharr sin sílim gur cheart do Mickey Harte a bheith ag díriú níos mó ar a chuid imreoirí féin a choinneáil faoi smacht. Freisin, is é an fáth a mbíonn siad i gcónaí ar an teilifís ná de bharr go bhfuil foireann mhaith acu. Arbh fhearr leo gan a bheith ar an teilifís agus gan foireann mhaith a bheith acu? Is laochra iad de chuid gasúr óg. Déanann na gasúir óga sin aithris ar a gcuid laochra. Mar sin ba cheart go mbeadh siad in ann smacht a choinneáil orthu féin. Céard a cheapann muintir Thír Eoghain faoin scéal seo?
    Bhí na himreoirí ag troid, bhí sé náireach. Níl aon leithscéal acu(?). Dá chuirfeá Mickey smacht ar do fhoireann féin(?).
    Last edited by Fraxinus_; 24th February 2010 at 10:13 PM.

  6. #26
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by Fraxinus_ View Post
    Bhí na himreoirí ag troid, bhí sé náireach. Níl aon leithscéal agaibh(?). Dá chuirfeá Mickey smacht ar do fhoireann féin(?).
    Sin é go díreach é!

  7. #27
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Bhí bua an-éasca ag Corcaigh in aghaidh Luimnigh aréir. 2-21 - 1-14. Tuilleadh eolais faoin gcluiche anseo:

    | The Official Website of the GAA

    Gach seans go mbeidh Luimneach sa dara roinn an bhliain seo chugainn muna réitíonn siad a gcuid fadhbanna inmheánacha.

    An bhfaca duine ar bith agaibh cluiche leathcheannais na gclubanna aréir idir Cumann Naomh Gall, Béal Feirste agus Cora Fine, Gaillimh? An-chluiche go deo. Bhuaigh Naomh Gall théis am breise. Bhí sé tuillte go maith acu agus tá mé an-sásta dóibh. Tá siad ag teacht an-ghar don chomórtas a bhuachan le blianta beaga anuas. An Clár V Aontroim sa gcluiche ceannais. Ní tharlaíonn sé sin rómhinic sa bpeil!

  8. #28
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Iontas mór san iománaíocht! Bhuaigh na Dubs ar Thiobraid Árann go héasca. Bhí go leor daoine ag ceapadh go mbeadh deireadh leis an dul chun cinn mór a bhí déanta acu théis an ccluiche in aghaidh Phort Láirge a chailliúint an tseachtain seo caite. Buanna éasca ag Cill Chainnigh agus ag Gaillimh inniu freisin. Má chailleann Tiobraid Árann cluiche eile beidh sé deacair orthu an tsraith a bhuachan - mar atá tuartha agam féin. Beidh an pheil ar ais an tseachtain seo chugainn. Fáilte roimh thuairimí daoine eile!

  9. #29
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2005
    Location
    Átha Cliath!
    Posts
    120

    Bhí na Dubs go maith inniu, neart botún ag na dhá taobh, ach bhís sásta leo!

    An bhfaca tú an chluiche?

    To view links or images in signatures your post count must be 10 or greater. You currently have 0 posts.

  10. #30
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2007
    Location
    An Áit Thiar
    Posts
    1,729

    Quote Originally Posted by Cliste View Post
    Bhí na Dubs go maith inniu, neart botún ag na dhá taobh, ach bhís sásta leo!

    An bhfaca tú an chluiche?
    Chonaic mé na buaicphointí. Bhí sé tuillte go maith ag na Dubs. Ba bhreá liom dá n-éireodh leis na Dubs cur leis an dul chun cinn mór atá déanta acu le blianta beaga anuas.

    Chuaigh Gaillimh go mór i bhfeidhm orm freisin. Taobh amuigh den deich nóiméad díreach roimh leatham bhír siad damanta maith.
    Last edited by Culann; 1st March 2010 at 12:24 PM.

Page 3 of 13 FirstFirst 12345 ... LastLast

Similar Threads

  1. [UK] Can Labour win in 2010?
    By evercloserunion in forum British General Election 2010
    Replies: 3
    Last Post: 4th January 2010, 12:23 AM
  2. Protest 2010
    By Audiomad in forum Elections
    Replies: 10
    Last Post: 31st October 2009, 12:50 PM
  3. War in 2010?
    By Border-Rat in forum Northern Ireland
    Replies: 64
    Last Post: 20th October 2009, 07:08 PM
  4. The world in 2010
    By seabhcan in forum Foreign Affairs
    Replies: 2
    Last Post: 5th April 2009, 10:59 AM