Results 1 to 6 of 6

Thread: Diúltaíonn na Glasaigh do Pholasaí Gaeilge Fhine Gael

  1. #1
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jul 2005
    Posts
    11

    Diúltaíonn na Glasaigh do Pholasaí Gaeilge Fhine Gael

    Glacadh leis an rún seo a leanas d'aon ghuth Dé Domhnaigh, ag Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais i nGaillimh. Bhí an rún curtha chun tosaigh ag Seán Ó Buachalla, iarrthóir an Chomhaontais Ghlais sa Mhí Thoir le haghaidh olltoghchán na bliana seo( www.meathgreens.org/ ):

    As Gaeilge:

    Diúltaíonn an Ard-Fheis seo don mholadh polaitiúil a rinneadh le déanaí, chun múineadh na Gaeilge a fheabhsú trí ábhar roghnach a dhéanamh di i gcuraclam na hArdteistiméireachta. Creidimid nach bhfuil sa mholadh seo ach iarracht chun neamhaird a thabhairt ar na lochtanna bunúsacha atá ann i múineadh na Gaeilge, in áit dul i ngleic leo mar is ceart. Ceapaimid nach ndéanfadh an moladh seo maitheas ar bith don dalta ar gá dó/di staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge roimh an tréimhse roghnach seo.
    Creidimid gurb é an bealach is fearr chun dul i ngleic leis an bhfadhb atá ann i múineadh na Gaeilge agus i múineadh na dteangacha i gcoitinne, ná le cur chuige nua-aimseartha a bhfuil machnamh ceart le sonrú ann agus atá dea-phleanáilte. Ba cheart go mbeadh béim ann ar na modhanna sealbhaithe teanga is déanaí agus ní ar ísliú stádas na Gaeilge.
    Ach cuirimid fáilte roimh an díospóireacht agus an leasú radacach atá molta maidir le múineadh na Gaeilge mar atá i láthair na huaire. I gcás go dtabharfaí tacaíocht an Chomhaontais Ghlais d'aon rialtas nua, creidimid gur cheart go n-éileodh an Comhaontas Glas plean náisiúnta nua, nuálaíoch agus cinnte don Ghaeilge ní hamháin sa chóras oideachais, ach plean náisiúnta nua chun an Ghaeilge agus an dátheangachas a chur chun cinn i ngach gné de shaol na hÉireann i gcoitinne. Ba cheart go ndéanfaí é seo le cur i gcoinne na neamhréire, na fimíneachta agus na patuaire atá le sonrú i meon lucht rialtais faoi láthair maidir leis an nGaeilge.


    As Béarla:
    [size=7]
    This Ard-Fheis rejects the recent politically proposed idea to improve the teaching of Irish, by making it optional for the Leaving Certificate curriculum. We believe that rather than tackling the problem of the faults in the system of teaching of Irish in this country, this proposal will only attempt to brush the problem under the carpet, and will be of no benefit to the student who will still have to learn Irish before that proposed optional phase.
    We believe that the way to effectively address what is a clear problem in the teaching of Irish and indeed languages in general, is with a well thought-out, well-planned and modern approach to language acquisition by Irish pupils, based on the most up to date language acquisition methods and not by lowering the status of Irish.
    But we welcome the call for debate and radical reform of the current teaching of Irish and we believe that in supporting any new government, the Green Party should demand not only a new, innovative and definite national plan as regards Irish in our education system, but also a new national plan as regards promoting both the Irish language and bilingualism in all aspects of Irish society, to counteract the inconsistency, hypocrisy and apathy of the current official attitude to Irish.[/size]

  2. #2
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Aug 2006
    Location
    Baile Átha Cliath / Dublin
    Posts
    4,504

    Is féidir leat comhstádas a thabairt don Béarla. Tá sé deacair chun é a léamh.

  3. #3
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Sep 2006
    Location
    Chitown
    Posts
    5,159

    Go h-iontach, is maith sin a chloisteal.Má cuireann Fine Gael a bpolasaí i bhfeidhm, beidh an droch tionchar do-athraithe.

    Is é an polasasí seo ceann do na príomh fadhbanna atá agamsa le Fine Gael.

    Cinneadh maith don teanga ó thaobh an Comhaontas Glas.
    Equality — It is new strung and shall be heard

  4. #4
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    Ar fheabhas a chloisteáil. Seasamh maith agus chóir tógtha ag na Glasaigh ar an gceist seo go cinnte.

  5. #5
    Politics.ie Regular
    Join Date
    May 2006
    Posts
    2,620

    Tréaslaím leo! Caithfidh mise agus mo chuid vóta ar a son.

  6. #6
    Politics.ie Regular
    Join Date
    Nov 2005
    Posts
    1,563

    chun dul i dtreo eile ar fad ar feadh nóiméad: :twisted:
    Céard a sheasann an Comhaontas Glas ar dreasachtaí cánach i leith tithe saoire á dtógáil in iarthar na tíre? Gan amhras tá sibh ina aghaidh ach an bhfuil aon pholasaithe air agaibh?

    Tá chuile sráidbhaile ar chósta an iarthair á gclúdach le coincréit chun cúnamh a thabhairt do lucht an airgid agus na forbróirí gan cháin a íoc, tugann na Gaimbíní seo "dul chun cinn" air
    Agus tá an tír á scriosadh acu dá bharr.

Similar Threads

  1. The origins of Fine Gael/Cumann na Gael
    By Big Bobo in forum Fine Gael
    Replies: 88
    Last Post: 16th May 2010, 01:36 PM
  2. Replies: 17
    Last Post: 9th September 2008, 12:07 AM
  3. Na Glasaigh agus FF
    By Gary in forum Gaeilge
    Replies: 29
    Last Post: 21st June 2007, 02:45 PM
  4. Replies: 13
    Last Post: 13th June 2007, 04:53 PM
  5. Gaeilge san AE
    By MacCoise in forum Gaeilge
    Replies: 6
    Last Post: 14th July 2006, 03:19 PM