Cheapfá go raibh an Rialtas ag iarraidh gan aird a dhiriú ar an scéal seo nó cé go raibh slua mór airí i lathair ag Farmleigh inné nuair a cuireadh an raiteas Rialtais faoin nGaeilge i láthair, bhí an aird ar fad ar an seoladh niba dhéanaí an lá céanna ar thuairisc an Bhreithimh Moriarty.
An rud is aistí faoi seo go mbeidh sé dhá bhliain sara mbeidh straitéis ann chun an raiteas seo a chur i bhfeidhm? Ní rud í ceist na Gaeilge ar feidir leis fánacht ar feadh treimhse chomh fada le h-aghaidh reiteach, cheapfá.
Foram na Gaeilge - ní Foras na Gaeilge - a bheidh i mbun na h-oibre seo. B'é an Foram, coiste ceannairí ó eagrais Ghaeilge is craoltóirí etc, a chuir comhairle ar an Aire maidir leis an raiteas is déanaí. Bhí an cruinniú dheireannach acu i mí Dheireadh Fomhair 2005! Agus ní raibh ach dornán cruinnithe acu roimhe sin. Is léir mar sin go bhféadfaí straitéis a chur le cheile ach iad a thabhairt le cheile thar deireadh seachtaine agus an obair a dhéanamh sa treimhse sin seachas é a shíneadh amach thar 24 mhí!
Cúpla scéal chun a thuilleadh eolais a thabhairt díbh ar an abhar:
Lá ar maidin inniu
Fáilte don fhís
...ach cén fáth go gcaithfear fanacht go 2008 leis an straitéis chun an 13 sprioc a bhaint amach?
le Colm Ó Broin ag Teach Farmleigh
Beifear ag fanacht dhá bhliain eile leis an straitéis chuimsitheach ina leagfar amach an dóigh chun sochaí dhátheangach a dhéanamh d'Éirinn, de réir an spriocama atá beartaithe ag an Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail is Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD.
Sheol an rialtas ‘Ráiteas i Leith na Gaeilge 2006’, i dTeach Farmleigh, i mBaile Átha Cliath, maidin inné. Cuireann an ráiteas síos ar 13 “téarma tagartha” a bheidh ag grúpa saineolaithe agus iad ag forbairt straitéise chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre.
Beidh dhá bhliain ag an ngrúpa leis an straitéis a réiteach, áfach, agus baineann cuid mhaith de na cuspóirí a leagadh amach inné leis an stádas dlíthiúil atá ag an nGaeilge, agus an tacaíocht a thugann an rialtas d’eagraíochtaí Gaeilge, faoi láthair.
Ar na cuspóirí a leagadh amach, bhí “réimse leathan seirbhísí” a chur ar fáil do thuismitheoirí ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge agus go ndéanfaí “infheistíocht bhreisithe i bhforbairt ghairmiúil agus tacaíocht leanúnach” do mhúinteoirí scoile.
Dúirt an tAire Ó Cuív, inné, nach raibh na mionsonraí faoin mbealach a mbainfí an sprioc dhátheangach náisiúnta amach istigh sa ráiteas d’aonghnó toisc gur theastaigh ón rialtas a fhís a leagan amach os comhair an phobail i dtosach báire sula ndéanfaí plé ar gach moladh a thiocfadh ón chur chuige nua.
“An aidhm atá againn ná gnáth-theanga labhartha a dhéanamh den Ghaeilge ar fud na tíre. Aithníonn muid an tábhacht atá ag an mBéarla mar theanga idirnáisiúnta ach is é an gnáth-chleachtas san Eoraip go mbíonn an teanga dhúchais agus an Béarla araon ar a gcumas ag an bpobal agus ní fheiceann muid aon fáth nach mbeadh sé amhlaidh in Éirinn.”
Tá E300,000 curtha ar fáil ag an rialtas d'ullmhú na straitéise ach dúirt an tAire Ó Cuív go raibh súil aige nach ndíreofaí ar an gcostas a bhainfeadh leis an togra amháin.
Cháin urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Dinny McGinely, TD, an rialtas, áfach, mar gheall ar an “bhaothchaint agus an cur ó dhoras" a bhí sa mhéid a fógraíodh inné, dar leis.
“Is cosúil gur cúlú atá ann ó sprioc na tíre aonteanga Gaelaí, ” ar seisean.
“Chuala muid go leor faoi ráitis agus straitéisí ar feadh na mblianta ach is eagla liom a rá gur beag dul chun cinn atá déanta. Tá labhairt agus teagasc na Gaeilge ag meath sna Gaeltachtaí is láidre agus tá gá le níos mó ná cuspóirí chun an staid sin a fheabhsú.”
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an ráiteas ag rá go raibh sé tábhachtach go mbeadh fís shoiléir leagtha amach ag an rialtas don todhchaí agus go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an tacaíocht a léiríodh don Acht Teanga, i dtaca leis an Ghaeilge mar ábhar Ardteiste éigentach agus an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh de.
Thug an eagraíocht rabhadh go raibh gá lena chinntiú go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil chun sochaí dhátheangach a dhéanamh den tír thar thréimhse 20 bliain.
...ach cén fáth go gcaithfear fanacht go 2008 leis an straitéis chun an 13 sprioc a bhaint amach?
Eagarfhocal Lá:
Sprioc is straitéis
Ceist Trivial Pursuits na Nollag 2006: An mó tuairisc atá déanta ar shlánú na Gaeilge in Éirinn agus nach bhfuil curtha i bhfeidhm le céad bliain anuas?
Is cinnte go mbeidh cainteoirí Gaeilge – iad siúd a bhfuil fadchuimhne acu – ag meabhrú go ciniciúil ar an gceist seo agus iad ag iarraidh a dhéanamh amach cad is ciall leis an bhfógra is déanaí ó rialtas na hÉireann ina dtugtar le fios go bhfuil siad chun straitéis a chumadh chun go mbeadh sochaí dhátheangach in Éirinn i gceann scór bliain.
Os rud é go mbainfidh sé dhá bhliain astu an cháipéis straitéiseach seo a dhréachtú, an é go mbeidh an sprioc uaillmhianach seo bainte amach faoi 2026 nó 2028? Cén uair a thosóidh an clog?
Mar a fheiceann sibh, tá sé éasca géilleadh don gciniceas ar an gceist seo. Tá an port seo cloiste againn ó rialtais go minic cheana féin agus gan de thoradh againn air ach cluas bhodhar.
Bhí ócáid mhaith ag Teach Farmleigh, inné – agus beidh ceann eile ann amárach ag Seachtain na Gaeilge le ceiliúradh Gaelach a dhéanamh ar an Nollaig i dTeacha Aíochta an Stáit – agus is maith ann iad na hócáidí stáit seo le cur in iúl go bhfuil rialtas na tíre seo ar son na Gaeilge agus go bhfuil fís acu don teanga agus do phobal a labhartha.
Ba cheart fáilte a chur roimh an chéim chun tosaigh seo nó mura gcuireann seo iachall ar na meáin Bhéarla, na meáin a mbíonn na polaiteoirí ag sodar ina ndiaidh, is cosúil, anailís mhacánta thuisceanach a dhéanamh ar cheist na Gaeilge, níl dada a dhéanfaidh amhlaidh. Ar ndóigh, beidh nuachtáin Bhéarla an lae inniu lán le scéal Thuairisc Uí Mhuircheartaigh faoin iar-Thaoiseach, Cathal Ó hEochaidh. Mar a dúirt an cas-scéalaí, tráth, “Lá maith le dea-scéal a chur i bhfolach".
I gcás go leor de na spriocanna seo, tugtar le fios go 'leanfaidh' an rialtas ag tacú leis seo, siúd is uile chun an Ghaeilge a spreagadh. Ach nach dtuigeann an rialtas go bhfuil iarracht níos fearr de dhíth, mar shampla, le tacú leis an ngaelscolaíocht agus leis an oideachas lán-Ghaeilge?
Cad faoin ionad oideachais náisiúnta Gaeilge i mBaile Mhuirne ar a n-iompaíodh an fód in 2000? An mbeidh orainn fanacht go dtí 2008 go gcloisfear a thuilleadh faoin dtionscnamh sin?
Beag an tairbhe na spriocanna go bhfeicimis an straitéis agus dath an airgid a chuirfeas i bhfeidhm í.



LinkBack URL
About LinkBacks
Reply With Quote