Results 1 to 2 of 2

Thread: Irish in the Education System / An Ghaeilge sa Chóras Oid.

  1. #1
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jan 2006
    Posts
    17

    Irish in the Education System / An Ghaeilge sa Chóras Oid.

    A chairde, le do thoil sínigh seo agus scaip an scéal!
    Please sign the petition and forward on to friends and colleagues.

    http://www.petitiononline.com/mod_perl/ ... gi?achtnag

    Toisc go bhfuil an-phráinn maidir leis seo, thosaigh mé achainí idirlíon
    leis an mhéid is mó sínithe a fháil agus ab fhéidir. Sínigí agus seolaigí ar
    aghaidh é le bhur dtoil!

    As this issue is urgent, I've started an online petition to get as many
    signatures as possible as quickly as possible. Sign it and send it on
    please!

  2. #2
    Politics.ie Newbie
    Join Date
    Jan 2006
    Posts
    17

    Letter to Schools / Litir go Scoileanna

    21-02-06


    A chara,

    Tá “Education Order (Northern Ireland) 2006” foilsithe ag an rialtas. Leagann an cháipéis síos an teidlíocht oideachais a thiocfaidh i bhfeidhm nuair a chuirfear deireadh leis an scrúdú aistrithe.

    Tá an cháipéis le fáil ag an seoladh idirlín seo:
    http://www.deni.gov.uk/index/22-postpri ... der_pg.htm

    Is é atá á mholadh ag an rialtas sa cháipéis seo ná nach mbeidh deis ag scoláire ar bith staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge amháin ag EC4. Tá cóip de na leathanaigh atá i gceist istigh leis an litir seo.

    Tá muid i bhForas na Gaeilge ag iarraidh ar oiread daoine agus is féidir litir / ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn Oideachais le brú a chur ar an Roinn an leatrom agus leithcheal seo ar an Ghaeilge a chur go leataobh. Rinneadh iarracht i 1989 an cleas céanna a imirt orainn ach, le freagraí agus brú, athraíodh an “Education Order” ag an am sin.

    D’iarrfainn ort, mar sin, litir / ríomhphost a chur chuig ceachtar den dá sheoladh seo:

    De phost – Post-Primary Support Team,
    Department of Education,
    Rathgael House,
    Bangor,
    BT19 7PR

    De ríomhphost – ní mór clárú leis an suíomh thuas le freagra a chur isteach de ríomhphost.

    Seo an neamart nó leithcheal atá á imirt ar an Ghaeilge. Maidir le teangacha nua-aoiseacha ag EC4 deir an tOrd:

    “ at least one shall be a course in an official language of the European Community (other than English and Irish)”. (Part II, Alt 18, Mír (d))

    Fagann seo nach féidir le scoláire ar bith staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge amháin ag EC4 cé gur féidir leo sin a dhéanamh ag EC3.

    Ní thuigeann muid an seasamh seo agus ní luíonn sé le ciall.

    • Is teanga oifigiúl de chuid an AE í an Ghaeilge.
    • Is féidir staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge amháin ag EC3 ach, faoin Ord seo, ní bheidh scoláirí in ann staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge amháin ag EC4.
    • Tá thart 2820 scoláire faoi láthair ag déanamh Gaeilge ag GCSE ach beidh sin ceilte orthu faoin Ord nua seo.

    Dá n-athrófaí an tOrd ag EC4 agus an fhoclaíocht chéanna a úsáid ag EC3 agus 4 bheadh an fhadhb réitithe.
    “Any Official language of the European Community (other than English and, in Irish speaking schools, Irish”. (Part III, Key Stage 3, page 30)

    Tá práinn leis an ábhar seo mar is é an spriocdháta le haghaidh freagraí ná An Mháirt 07 Márta 2006. D’iarrfainn ort, mar sin, oiread daoine agus is féidir a spreagadh le freagra a chur isteach roimh an dáta sin.

    “Ní neart go cur le chéile”

    Beir bua agus beannacht,


    ___________________________
    Ferdie Mac An Fhailigh
    Leas-Phríomhfheidhmeannach/
    Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais

Similar Threads

  1. Overall education system reform
    By Dios in forum Education & Science
    Replies: 62
    Last Post: 14th May 2009, 02:24 PM
  2. John O'Keeffe thinks Irish Education System is crap
    By Ataxia in forum Education & Science
    Replies: 18
    Last Post: 11th July 2008, 12:24 AM
  3. An Ghaeilge sa Chorás Oideachais
    By sean1 in forum Gaeilge
    Replies: 33
    Last Post: 9th July 2006, 07:31 PM
  4. Discriminations in our education system.
    By angelcountry in forum Current Affairs
    Replies: 6
    Last Post: 15th November 2005, 03:25 PM